Skip to main content

Breadcrumbs

  1. Home
  2. Council

Ceardlann ar Thraidisiún Scéalaíocht na mBard in Inis d’Oíche Chultúir

24 September 2024

Bhí idir fuadar agus comhluadar ag seisiún scéalaíochta a thug Aindrias de Staic, an seanchaí ealaíonta, i siopa leabhar Scéal Eile in Inis, Contae an Chláir, Dé hAoine an 20 Meán Fómhair. Eagraíodh an cheardlann ag Comhairle Contae an Chláir i gcomhair Oíche Chultúir, le tacaíocht ó Éire Ildánach.

Ceardlann ar Thraidisiún Scéalaíocht na mBard in Inis d’Oíche Chultúir

Rinne de Staic cur síos ar thraidisiún na scéalaíochta thar na cianta in Éirinn, agus go sonrach i dtuaisceart Chontae an Chláir. Mhínigh sé don slua go raibh na seanchaithe agus na baird ar nós rapálaithe nó ealaíontóirí an fhocail labhartha na linne. Bhí ar a gcumas na sluaite a mhealladh ó chian agus ó chóngar chun suí leo agus éisteacht leis na scéalta.

“Uaireanta, bheadh ar an lucht éisteachta teacht ar ais an dara oíche chun an dara leath den scéal a chloisteáil,” arsa Aindrias de Staic, “ach d’éirigh linn dhá scéal a insint san aon oíche amháin.”

Lean sé, “Bhí tionchar ríthábhachtach sa scéalaíocht an oidhreacht agus an chomhchuimhne a chur ar aghaidh trí na glúnta i measc pobal agus cosmhuintire a raibh neamhliteartha nó gan acmhainn. Tá sé fúinne anois an gnás ársa seo a choimeád beo don chéad ghlúin eile.”

Leag Ruairí Henchy, Oifigeach Forbartha Gaeilge, Comhairle Contae an Chláir, béim ar an nasc idir an Ghaeilge agus an cultúr, “Is í ár dteanga tairseach an chultúir, mar sin bhí sé riachtanach an Ghaeilge a chuimsiú in Oíche Chultúir i mbliana. Cabhraíonn a leithéid de cheardlann seo leis an bpobal nascadh lena n-oidhreacht agus lena bhféiniúlacht. Mo bhuíochas le hÉire Ildánach, Oifig Ealáion an Chláir, siopa leabhar Scéal Eile agus Aindrias as cabhrú liom an seisiún seo a reáchtáil.”

Page last reviewed: 24/09/24

Content managed by: Arts Office

Back to top